
– Fionnuala Ní Cholgáin, Fifigeach Forbartha – Meabhairshláinte na hÉireann
Deirtear go bhfuil cúig chéim gur féidir leat a leanúint chun do meabhairshláinte agus do fholláine a fheabhsú. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach na modhanna seo a phlé aon am den bhliain ach bíonn sé an-úsáideach chun an strus a bhaineann leis an am seo den bhliain a chuir i gcoinne. Is féidir leat triail a bhaint astu seo agus beidh tú ag mothú níos dearfach agus níos ábalta.
1: CEANGAL
Tá dea-chaidrimh fíor thábhachtach do do meabhairshláinte. Is féidir le dea-caidrimh cabhrú leat tuiscint a chothú ar do féinmhuinín. Is féidir leis deis a thabhairt duit taithí dearfacha a roinnt agus tacaíocht mothúchánacha a chur ar fail do dhaoine. Tá go leor rudaí gur féidir leat a dhéanamh chun caidrimh níos láidre a chruthú cosúil le am a chaitheamh gach lá le do chlann sa bhaile nó socraigh am a caitheamh le do chairde ar líne muna bhféadfá bualadh leo go fisiciúil. Imirt roinnt cluichí cártaí seachas a bheith ag breathnú ar an teilifís. Lean ort ag úsáid an teicneolaíocht chun fanacht i dteagmháil le cairde agus le chlann nach bhfuil sa mbaile faoi láthair. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise.
2: BÍ GNÍOMHACH
Tá neart fianaise ann go bhfuil gníomhaíocht an-mhaith, ní hamháin don tsláinte choirp ach don meabhairshláinte freisin. Cliceáil anseo le haghaidh smaointe.
3: TABHAIR AIRD
Tóg go bog é. Go hairithe i rith na hamanta deacair seo. Tabharfaidh sé léargas dhuit. Is féidir le siúlóid beag nó airechas a chabrú go mór. Tá sé cabhrach buíochas a bheith agat freisin. Cliceáil anseo le haghaidh físeáin.
4: COINNING ORT AG FOGHLAIM
Is bealach maith é do féinmeas a spreagadh ag foghlaim scileanna nua. Ceanglaíonn sé daoine le chéile freisin. Agus tugann sé am dhuit fhéin. Faigh seirbhísí leabharlainne anseo.
5: TABHAIR AR AIS
Tá go leor fianaise ann go gcuidíonn cineáltas lenár meabhairshláinte. Faigheann duine mothú dearfach ó am a thabhairt ag cabhrú le daoine eile. Cosúil le buíochas a ghabháil, le cabhair a thabhairt do duine, nó obair dheonach a dhéanamh. Faigh ár bhfeachtas #ConnectWithKindness anseo.
Tá tuilleadh eolas ar www.mentalhealthireland.ie